GEIMHREADH ARTACH AG DRUIDIM LINN?

first_imgTÁ AN fear aimsire amaitéarach is cáiliúla in Éirinn tar éis a rá gur beag an baol go mbeidh aimsir Artach againn an geimhreadh seo.Tá Michael Gallager, fear an phoist, tar éis sneachta a thuar go rathúil le cúpla bliain anuas óna bhaile i sléib- hte Dhún na nGall.Ach deir Michael nach dtuigeann sé an fáth a bhfuil gach duine ag rá go mbeidh an tír ina dhúgheimhreadh go ceann cúpla mí. “Níl a fhios agam beo cá bhfuil bunús na dtu- artha seo. Ní fheicim aon chomhartha faoi. Ní chea- paim go mbeidh sé chomh dona agus a bhí le cúpla bliain anuas.“Creidim go mbeidh neart báistí agus seaca againn, ach ní fheicim ansneachta mór agus an teocht faoi bhun an reophointe atá á dtuar ag cách,” a dúirt sé.Deir Michael, a chuir iallach ar an ngeallghla- cadóir Paddy Power €70,000 a íoc i ngeallta luatha tar éis Nollaig bhán a thuar dhá bhliain ó shin, go mbeidh neart stoirmeacha ann. Le déanaí tháinig cus- taiméir chuige tar éis dó frog a aimsiú taobh thiar de phota bláthanna.“Nuair a d’ardaíomar an pota ní bhogfadh an frog. Bhí a fhios agam gur droch-chomhartha é sin cinnte.Cúpla lá níos déanaí bhí na drochstoirmeacha sin againn. Bhí a fhios ag an bhfrog go raibh sé le bheith go dona agus ní raibh sé i gceist aige dul aon áit,” a dúirt Michael.GeimhreadhNíl fear aimsire eile, Peter O’Donnell ó www.irish- weatheronline.com, ag ceapadh go mbeimid ag crith an geimhreadh seo. Dúirt sé go bhféadfadh mí Eanáir a bheith ar an mí is fuaire, ach gur beag seans go mbeidh sé chomh dona agus a bhí anuraidh: “Níl sé le bhei- th chomh drámata, agus níl an dianfhuacht le leanúint ar aghaidh.“D’fhéadfadh thart ar an méid céanna d’aimsir chneasta agus d’aimsir fhuar a bheith ann le gaoth láidir, báisteach throm ó am go ham agus roinnt sneachta nó oighir.”www.foinse.ieGEIMHREADH ARTACH AG DRUIDIM LINN? was last modified: November 5th, 2011 by BrendaShare this:Click to share on Facebook (Opens in new window)Click to share on Twitter (Opens in new window)Click to share on LinkedIn (Opens in new window)Click to share on Reddit (Opens in new window)Click to share on Pocket (Opens in new window)Click to share on Telegram (Opens in new window)Click to share on WhatsApp (Opens in new window)Click to share on Skype (Opens in new window)Click to print (Opens in new window)last_img read more